Ráitis Mhisin

An Ghníomhaireacht

Is é an misean atá ag EMSA freastal ar leasanna muirí AE chun earnáil mhuirí atá sábháilte, slán, glas agus iomaíoch a bhaint amach agus chun a bheith ina phointe tagartha iontaofa a bhfuil meas air san earnáil mhuirí san Eoraip agus ar fud an domhain.

Baineann EMSA leas as an bhfios gnó ar leith atá aige ionas gur féidir leis ról lárnach a imirt sa bhraisle mhuirí san Eoraip agus lasmuigh di araon.

Oibríonn EMSA ar shaincheisteanna agus cúraimí a bhaineann le sábháilteacht mhuirí, le slándáil, leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus leis an margadh aonair. Ní hamháin go ndéanann sé amhlaidh mar sholáthraí seirbhíse do na Ballstáit agus don Choimisiún, ach déanann sé é sin freisin mar chomhpháirtí iontaofa nuálach agus mar mhol eolais don bhraisle mhuirí san Eoraip agus, b’fhéidir, mar eiseamláir idirnáisiúnta lasmuigh den Eoraip.

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Ag tuairisciú di don Bhord Riaracháin, tá an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an nGníomhaireacht a bhunú, a reáchtáil agus a fhorbairt i gcomhréir leis an rialachán lena mbunaítear EMSA.

Oifig Feidhmiúcháin

Tugann an Oifig Feidhmiúcháin tacaíocht don Stiúrthóir i ngach réimse a thagann faoina freagracht. Áirítear leis sin dea-rialachas a éascú le tacaíocht ón lucht bainistíochta agus comhlíonadh, trédhearcacht agus cultúr státseirbhíse a chur chun cinn. I réimse na pleanála agus an fhaireacháin, tá an tAonad freagrach as na príomhdhoiciméid phleanála agus tuairiscithe institiúideacha (an Doiciméad Clársceidealaithe Aonair agus an Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí) a fhorbairt agus as an timthriall buiséadach iomlán a chomhlíonadh, idir an t-aschur tosaigh agus an faireachán ar a chur i ngníomh. Soláthraíonn an Oifig Feidhmiúcháin rúnaíocht do Bhord Riaracháin EMSA agus cuireann sí i gcrích na cúraimí uile atá ar EMSA i réimsí an chomhlíonta agus na hiniúchóireachta (an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, an Limistéar Rialaithe Astaíochta, an Creat Rialaithe Inmheánaigh, etc.), lena n-áirítear bainistíocht riosca. Dhá réimse eile a thagann faoi fhreagracht na hOifige Feidhmiúcháin is ea forbairt leanúnach a dhéanamh ar Chóras Bainistíochta Cáilíochta agus an tOifigeach Cuntasaíochta (le tuairisciú díreach do Bhord Riaracháin na Gníomhaireachta). Tá cumarsáid trí mhodhanna traidisiúnta agus trí mhodhanna meán digiteach/sóisialta araon ina cuid d’obair an Aonaid freisin. Tagann caidreamh Idirnáisiúnta agus Idirinstitiúideach maidir le hobair le hinstitiúidí agus le húdaráis laistigh den AE agus lasmuigh de araon faoi phunann na hOifige Feidhmiúcháin freisin. Is é atá i gceist leis sin tionscnaimh a phleanáil agus a sheoladh, seasamh EMSA a chomhordú agus imeachtaí agus cuairteanna a eagrú.

ROINN 1: Inbhuanaitheacht agus Cúnamh Teicniúil

Tá Roinn 1 freagrach as cúraimí a bhaineann le hinbhuanaitheacht, áit a ndíríonn sí ar an méid is féidir an clár oibre glas Eorpach don mhuiriompar a chur ar aghaidh trí threisiú leis an gcumas atá ag an Aontas an mhuirthimpeallacht a chosaint, an t-athrú aeráide a bhainistiú agus freagairt do dhúshláin chomhshaoil nua. Tá sí freagrach as raon leathan gníomhaíochtaí atá ceaptha chun truailliú ó longa a chosc agus chun freagairt do thruailliú ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta.

Chomh maith leis sin, tugann an Roinn tacaíocht don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit reachtaíocht AE a chur chun feidhme go cuí trína clár cuairteanna agus cigireachtaí agus tugann sí tacaíocht dóibh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an Eilimint Dhaonna agus le Caighdeáin do Mharaithe.

Déanann an Roinn óstáil ar Acadamh EMSA agus tairgeann sí raon leathan gníomhaíochtaí fothú acmhainneachta chun tacú lena geallsealbhóirí, lena n-áirítear trí theicneolaíocht úrscothach a thabhairt. Ina theannta sin, bainistíonn an Roinn tionscadail maidir le cúnamh a thabhairt do Stáit atá ag déanamh iarratas ar aontachas leis an Aontas, do Thíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa atá lonnaithe i réigiún na Meánmhara, na Mara Duibhe agus Mhuir Chaisp agus do bhaill de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt nach Ballstáit den AE iad.

Aonad 1.1 – Inbhuanaitheacht

Tá Aonad 1.1 freagrach as cúraimí a bhaineann le hInbhuanaitheacht agus tugann sé cúnamh teicniúil do na Ballstáit agus don Choimisiún ar nithe a bhaineann le tionchar na loingseoireachta ar an gcomhshaol. Tugann sé cúnamh freisin maidir le hullmhacht agus freagairt do thruailliú ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta.

Go háirithe, tacaíonn an tAonad le reachtaíocht ábhartha idirnáisiúnta agus reachtaíocht ábhartha AE i réimse na haeráide agus an chomhshaoil a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus forbraíonn sé treoir phraiticiúil agus uirlisí praiticiúla le haghaidh an reachtaíocht sin a chur chun feidhme, á áirithiú go nglacann an mhórbhraisle mhuirí san Eoraip páirt sa phróiseas sin.

Déanann an tAonad bosca éifeachtach uirlisí freagartha a fhorbairt agus a chothabháil chun cur leis an gcumas atá ag na Ballstáit freagairt do thruailliú ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta, agus iarracht chúramach á déanamh aige tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit freagairt do theagmhais a bhaineann le substaintí guaiseacha agus díobhálacha agus do bhagairtí eile atá ag teacht chun cinn ar an muirthimpeallacht.

Chun na cuspóirí sin a ghnóthú, coinníonn an tAonad dlúthchaidreamh oibre ar bun leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus trí na Comhaontuithe Réigiúnacha le haghaidh an mhuirthimpeallacht a chosaint, i gcás inarb ábhartha.

Aonad 1.2 – Cuairteanna agus Cigireachtaí, an Eilimint Dhaonna

Tá an tAonad freagrach as cuairteanna ar na Ballstáit, agus é ag díriú ar chur chun feidhme oibríochtúil na Rialachán muirí agus na dTreoracha muirí AE. Cuireann sé an cúram sin i gcrích i ndlúthchomhar leis na haonaid ghnó de chuid EMSA a bhfuil freagracht shonrach orthu as na hionstraimí reachtacha ábhartha. Chomh maith leis sin, déanann an tAonad cigireachtaí ar chumainn aicmiúcháin a dhéanann suirbhéireacht agus deimhniú ar longa sa trádáil idirnáisiúnta agus atá ag gníomhú mar eagraíochtaí aitheanta thar ceann na mBallstát. Déantar na cigireachtaí sin ar fud an domhain agus cuirtear na torthaí atá orthu san áireamh sna measúnuithe rialta a dhéanann an Coimisiún Eorpach ar na heagraíochtaí sin, mar a cheanglaítear le dlí AE.

I réimse na gCaighdeán do Mharaithe, tá an tAonad freagrach freisin as cigireachtaí a dhéanamh ar thríú tíortha a dhéanann maraithe a oiliúint agus a dheimhniú chun go mbeidh siad incháilithe d’obair a dhéanamh ar longa atá faoi bhratach na mBallstát AE. Tá athbhreithniú agus anailís staitistiúil ar bun aige freisin ar shonraí atá á n-óstáil ag Córas Faisnéise EMSA um Chaighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, rud arb é an córas lena stóráiltear faisnéis faoi dheimhnithe agus faoi fhormhuinithe aitheantais é. Chomh maith leis sin, tugann an tAonad cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit ar shaincheisteanna a bhaineann leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta, leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus leis an eilimint dhaonna, agus leas á bhaint aige as an taithí a gnóthaíodh i ndáil leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe chun tacú leis an gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí agus ionstraimí ábhartha eile de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a chur chun feidhme. Tacaíonn sé freisin le tionscnaimh lena gcuirtear “freagracht shóisialta” chun cinn sa loingseoireacht agus lena dtugtar spreagadh do dhaoine óga gairmeacha maraíochta a shaothrú.

Le linn dó a ghníomhaíocht Cuairteanna agus Cigireachtaí a sheoladh, déanann an tAonad cur chun feidhme ar chóras bainistíochta Cáilíochta atá deimhnithe go cuí de réir Chaighdeán ISO 9001: 2015.

Aonad 1.3 – Fothú Acmhainneachta

Tá Aonad 1.3 freagrach as gníomhaíochtaí lena dtacaítear le Forbairt Ghairmiúil agus Oiliúint ball foirne ó na húdaráis inniúla a chomhlíonann freagrachtaí an Bhratstáit, an Stáit Chalafoirt agus an Stáit Chósta.

Déanann an tAonad óstáil ar Acadamh EMSA agus tugann sé cúnamh teicniúil do na Ballstáit, do thíortha is Iarrthóir nó is Iarrthóir Ionchasach agus do thíortha Comharsanachta. Tá sé freagrach freisin as eolas a dhíorthú ó na sonraí agus ón bhfaisnéis a thiomsaítear sa Ghníomhaireacht tríd an Anailísíocht.

Tá an tAonad freagrach as cláir struchtúrtha agus mhodúlacha oiliúna a dhearadh, a fhorbairt, a choinneáil cothrom le dáta agus a sholáthar chun tairbhe d’oifigigh ó na Ballstáit, ó Ghníomhaireachtaí eile AE, ó Thíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus ó Thíortha na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais. Áirítear leis sin na nithe a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: uirlisí a bhainistiú; curaclaim agus siollabais ábhartha a fhorbairt agus a nuashonrú go leanúnach; cúrsaí ríomhfhoghlama agus ar líne a fhorbairt agus a sholáthar; cigireachtaí ionsamhlaithe ar longa a fhorbairt ach Réaltacht Fhíorúil a úsáid; agus daoine aonair a mheasúnú agus a dheimhniú de réir modheolaíochtaí comhaontaithe. Tugann an tAonad cúnamh teicniúil roimh iniúchtaí IMSAS agus le linn na n-iniúchtaí sin agus ina ndiaidh freisin.

Bainistíonn sé Tionscadail a bhfuil Tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa i réigiún na Meánmhara, na Mara Duibhe agus Mhuir Chaisp mar thairbhithe acu sna réimsí a thagann faoi shainordú na Gníomhaireachta.

Ar deireadh, tá an tAonad freagrach as anailís chothrománach agus tuarascálacha cothrománacha a ullmhú ar chur chun feidhme foriomlán na reachtaíochta muirí, as staidreamh tráthrialta agus ad hoc a tháirgeadh, as úsáid a bhaint as na sonraí atá ar fáil ó uirlisí agus feidhmchláir inmheánacha chun tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, as forbhreathnuithe bliantúla a fhorbairt i gcomhar le haonaid ghnó ábhartha, as Forbhreathnú Dinimiciúil a fhorbairt ar Údaráis Náisiúnta agus as comhordú a dhéanamh ar rannpháirtíocht EMSA i dTionscadail Taighde ábhartha agus ar an obair leantach a dhéanann sé ina leith, ag obair dó i gcomhar leis na hAonaid Ghnó, leis an gCoimisiún Eorpach agus le Gníomhaireachtaí eile.

Roinn 2: Sábháilteacht, Slándáil agus Faireachas

Is é an misean atá ag Roinn 2 cúnamh teicniúil agus tacaíocht theicniúil a thabhairt don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit ar nithe a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil long (Aonad 2.1) agus seirbhísí faireachais mhuirí (Aonad 2.2) a sholáthar don raon leathan úsáideoirí atá ag EMSA.

Ar leibhéal cothrománach, tá Roinn 2 freagrach as idirthréimhse na Timpeallachta Comónta um Chomhroinnt Faisnéise (CISE) a bhainistiú trí gheallsealbhóirí CISE a thabhairt le chéile ar mhaithe leis an líonra CISE a fhorbairt agus a leathnú chun go mbeidh sé i mbun feidhme faoi dheireadh na bliana 2021. Tá Roinn 2 freagrach freisin as cur chun feidhme a dhéanamh ar an gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis. Coinníonn an Roinn súil an-ghéar ar na himeachtaí ag Coistí agus Fochoistí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta agus, i gcás inar gá, tugann agus comhordaíonn sí aon tacaíocht theicniúil a theastaíonn i leith nithe a bhaineann le sábháilteacht long, le slándáil agus le cumarsáid satailíte.

Aonad 2.1 – Sábháilteacht agus Slándáil

Tá Aonad 2.1 freagrach as cúnamh teicniúil a thabhairt ar nithe a bhaineann le sábháilteacht long, le trealamh muirí, le longa uathrialaitheacha, le slándáil mhuirí, le himscrúdú tionóiscí, le háiteanna tearmainn, le cur chun feidhme Bratstáit agus le rialú Stáit ar chalafoirt. Óstálann sé Aonad Bainistíochta EQUASIS freisin.

Tá Aonad 2.1 freagrach as cúnamh teicniúil a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit ar thopaicí éagsúla sábháilteachta, lena n-áirítear cobhsaíocht damáiste long paisinéirí, dóiteáin ar longa paisinéirí róró, longa uathrialaitheacha, luchtú/díluchtú olliompróirí, sábháilteacht long coimeádán agus long iascaireachta, agus bainistíocht sábháilteachta.

Maidir le trealamh muirí, tá Aonad 2.1 freagrach as bainistiú gnó a dhéanamh ar bhunachar sonraí threalamh deimhnithe AE agus as nuashonrú bliantúil a dhéanamh ar na caighdeáin ábhartha deimhniúcháin mhuirí atá i reachtaíocht AE. Tacaíonn an tAonad leis an obair a dhéanann an grúpa comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh ar mhaithe le cur chun feidhme caighdeán a chomhchuibhiú tríd an rúnaíocht theicniúil a sholáthar. Chomh maith leis sin, éascaíonn sé obair na n-údarás um fhaireachas margaidh agus tugann sé tacaíocht don Choimisiún bainistiú a dhéanamh ar an gcomhaontú um aitheantas frithpháirteach leis na Stáit Aontaithe.

Maidir le slándáil mhuirí, tá an tAonad freagrach as cúnamh teicniúil a thabhairt don Choimisiún i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil na ceanglais slándála muirí faoi Rialachán (CE) 725/2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú á gcur chun feidhme ag na Ballstáit. Chomh maith leis sin, tugann sé tacaíocht don Choimisiún agus do na Ballstáit ar shaincheisteanna a bhaineann le cibearshlándáil agus le saincheisteanna slándála muirí i gcoitinne.

Maidir le himscrúdú tionóiscí, tá an tAonad freagrach as cúnamh teicniúil a thabhairt le haghaidh chur chun feidhme Threoir 2009/18/CE lena mbunaítear na bunphrionsabail a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí in earnáil an mhuiriompair. Soláthraíonn an tAonad an Rúnaíocht do Bhuanchreat Comhair na gComhlachtaí Imscrúdaithe Tionóiscí. Tá sé freagrach freisin as bainistiú gnó a dhéanamh ar an Ardán Faisnéise Eorpach um Thaismí Muirí, nó EMCIP, ar uirlis é a úsáidtear chun sonraí taismí agus tuarascálacha imscrúdaithe arna soláthar ag na Ballstáit a stóráil agus a anailísiú. Bunaithe ar shonraí taismí, soláthraíonn an tAonad anailís agus staidreamh sábháilteachta a bhaineann le taismí muirí.

Tá Aonad 2.1 freagrach as cúnamh teicniúil a thabhairt maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/16/CE, arna leasú (Rialú Stáit ar Chalafoirt). Áirítear leis sin rannpháirtíocht i ngach comhlacht de chuid Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt. Tá an tAonad freagrach as cúnamh teicniúil a thabhairt maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2017/2110 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais. Tá sé freagrach freisin as cur chun feidhme Bratstáit.

Chomh maith leis sin, déanann sé óstáil ar Aonad Bainistíochta Equasis, agus gnáthreáchtáil laethúil an Aonaid á háirithiú aige, agus tugann sé cúnamh teicniúil ar shaincheisteanna a bhaineann le háiteanna tearmainn.

Aonad 2.2 - Faireachas

Is é an misean atá ag Aonad 2.2 seirbhísí faireachais mhuirí a sholáthar chun léargas faisnéise muirí na Gníomhaireachta a fheabhsú trí chur chun feidhme a dhéanamh ar réitigh lena dtugtar tús áite do na riachtanais oibríochtúla atá ag úsáideoirí. Déantar amhlaidh trí bhainistiú a dhéanamh ar ghnáthoibríochtaí foinsithe agus laethúla an tsreafa faisnéise um Fhaire na Cruinne a thagann ó shatailítí, trí fhaisnéis an Chórais Aitheantais Uathoibríoch trí Shatailít (SAT-AIS) a sholáthar agus trí fhaisnéis atá bunaithe ar Chórais Aerárthaí Cianrialaithe (RPAS) a tharchur. Is é atá i gceist leis sin gnáthsheirbhísí faireachais a bhunú bunaithe ar iarrataí arna ndéanamh ag údaráis mhuirí agus ag Gníomhaireachtaí eile Garda Cósta, mar aon le tacaíocht a thabhairt trí phlean teagmhasach EMSA chun freagairt d’éigeandálaí muirí.

Tá Aonad 2.2 freagrach as foinsiú ginearálta agus gnáthsholáthar laethúil a dhéanamh ar an bpunann fhairsing sonraí satailítbhunaithe um fhaire na cruinne, ar tháirgí breisluacha agus ar sheirbhísí foláirimh, mar a dhíorthaítear ó bhraiteoirí Radair Chró Shintéisigh agus ó shatailítí optúla, chun tacú leis na riachtanais oibríochtúla atá ag pobail éagsúla úsáideoirí muirí.

Is iad sin na príomh-chomhpháirteanna de thrí sheirbhís ar leith: i) CleanSeaNet, an tseirbhís Eorpach um dhoirteadh ola a bhrath agus um fhaireachán a dhéanamh ar dhoirteadh ola; ii) Faireachas Muirí Copernicus, mar a tharmligeann an Coimisiún chuig an nGníomhaireacht é; agus iii) seirbhísí atá bunaithe ar íomhánna satailíte a sholáthraítear do Frontex le haghaidh faireachas ar rialú teorann muirí.

Maidir le RPAS agus le Seirbhísí Cumarsáide Satailíte, tá Aonad 2.2 freagrach as oibríochtaí RPAS a bhunú agus as foinsiú ginearálta agus gnáthsholáthar laethúil a dhéanamh ar RPAS agus ar fhaisnéis atá bunaithe ar chumarsáid Satailíte, amhail teachtaireachtaí AIS, físeán beo, faisnéis radair, comharthaí guaise agus tomhais ar astaíochtaí, chun tacú leis na riachtanais oibríochtúla atá ag pobail éagsúla úsáideoirí muirí, lena n-áirítear Gníomhaireachtaí eile AE a thagann faoi chuimsiú an chomhair idir Gardaí Cósta. Leis an bhfaisnéis sin, comhlánaítear an léargas ginearálta faisnéise muirí, lena n-airítear an tseirbhís um dhoirteadh ola a bhrath agus um fhaireachán a dhéanamh ar dhoirteadh ola (CleanSeaNet), an faireachas ar astaíochtaí ó longa (brath ocsaíde sulfair) agus an brath soithí trí shatailít le haghaidh faireachas muirí. Ina theannta sin, trí RPAS a shuiteáil ar bhord shoithí EMSA agus ar bhord shoithí Ghníomhaireachtaí eile AE/údaráis na mBallstát, tacaíonn an tseirbhís seo arís eile leis an bhfreagairt do thruailliú agus le gníomhaíochtaí eile Gardaí Cósta ar muir.

Roinn 3: Seirbhísí Digiteacha agus Simpliú

Is gá do EMSA dlús a chur le hiarrachtaí ar chur chuige digiteach nua a chomhtháthú, d’fhonn éifeachtúlacht, iontaofacht agus intuarthacht oibríochtaí muirí a éascú. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, is gá úsáid mhéadaithe a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chun deiseanna a sholáthar lena dtáirgtear luach agus lena n-éascaítear arís eile malartú agus comhroinnt sonraí muirí idir na páirtithe uile. Tá Roinn 3 freagrach as na nithe seo a leanas: saolré soláthair feidhmchlár; comhordú le haonaid ghnó; sonraíochtaí teicniúla agus comhairliúcháin theicniúla; comhordú cuideachtaí ar conradh; agus oibríochtaí seirbhíse. Tá an Roinn freagrach freisin as Seirbhísí Corparáideacha a thugann tacaíocht thráthúil ar ardchaighdeán do chroíghnó oibríochtúil EMSA.

Aonad 3.1 – Seirbhísí Digiteacha Muirí

Áirithíonn an tAonad forbairt, oibriú agus feabhas leanúnach na Seirbhísí Digiteacha Muirí uile de chuid na Gníomhaireachta. Oibríonn an tAonad i ndlúthchomhar le gach aonad gnó chun tacú le cuspóirí gnó EMSA a ghnóthú. Mar chuid den obair sin, déanann sé riachtanais na n-aonad a bhunathrú ina gcórais theicniúla agus ina seirbhísí teicniúla agus cuireann sé an timthriall oibríochtúil iomlán TFC i gcrích, lena n-áirítear feabhas leanúnach agus forbairtí leanúnacha.

Gníomhaíonn an tAonad mar ardán le haghaidh seirbhísí muirí a chomhroinntear leis na Ballstáit, rud a bhfuil mar aidhm leis cur leis an gcumas náisiúnta atá ann maidir le faireachán ar thrácht soithí, maidir le Rialú Stáit ar Chalafoirt agus maidir le hullmhacht agus freagairt do thruailliú muirí. Áirítear le gníomhaíochtaí an Aonaid freisin cineálacha difriúla sonraí a chomhtháthú agus a chomhcheangal, léargas muirí a fhorbairt agus seirbhísí saincheaptha a tháirgeadh atá curtha in oiriúint do na riachtanais atá ag úsáideoirí, rud a chuireann deireadh le dúbláil iarrachta, le bonneagair fhorluiteacha agus le caiteachas neamhriachtanach.

Ina theannta sin, comhordaíonn an tAonad an obair atá ar bun chun straitéis néalbhunaithe TFC a fhorbairt agus a chur chun feidhme, rud a bhfuil mar aidhm leis a áirithiú go mbeidh na feidhmchláir TFC is fearr agus is déanaí ar fáil chun tacú leis na riachtanais atá ag úsáideoirí. I dteannta úsáid a bhaint as uirlisí anailíseacha Mórshonraí agus as algartaim Intleachta Saorga, is é an aidhm atá le réitigh néalbhunaithe cur leis an gcumas atá ag EMSA seirbhísí breisluacha nua a sholáthar do chomhthéacsanna oibríochtúla éagsúla amhail rialú ar iascach, rialú teorann, slándáil, sábháilteacht tráchta mhuirí, cosaint an chósta agus cosaint an chomhshaoil. Rannchuidíonn an tAonad le gníomhaíochtaí cibearshlándála freisin chun an leibhéal slándála TFC is airde a áirithiú in EMSA agus chun taithí agus eolas a chomhroinnt leis na Ballstáit agus leis an tionscal.

Aonad 3.2 – Bonneagar Digiteach

Tá an tAonad freagrach as bainistiú a dhéanamh ar an lárionad sonraí (ag láithreáin phríomhúla agus ag láithreáin leanúnachais ghnó), as gach Feidhmchlár Muirí a óstáil agus na hOibríochtaí TF a bhaineann leo, as bainistiú a dhéanamh ar Sheirbhísí Corparáideacha inmheánacha, as bainistíocht deisce agus an deasc freastail d’úsáideoirí inmheánacha, agus as líonrú agus slándáil.

Tacaíonn an tAonad le bonneagar agus seirbhísí corparáideacha EMSA a fhorbairt, a thástáil, a imscaradh agus a oibriú ach úsáid a bhaint as próisis úrscothacha bhainistíochta Seirbhísí TF atá bunaithe ar ITIL. Agus infhaighteacht, feidhmíocht agus iontaofacht seirbhíse ó cheann ceann á n-áirithiú aige, tacaíonn an tAonad le cuspóirí gnó trí chur chun feidhme a dhéanamh ar an dea-chleachtas maidir le próisis óstála, faireacháin, leanúnachais ghnó agus athshlánaithe ó thubaiste.

Cuirtear de chúram ar an Aonad freisin na meánearraí agus na bunachair shonraí uile a riar agus comhpháirteanna feidhmchláir a shuiteáil, a chumrú, a chomhtháthú agus a imscaradh laistigh de thimpeallachtaí réamhtháirgthe agus táirgthe Bhonneagar TFC EMSA (lena n-áirítear an tSaoráid Leanúnachais Ghnó).

Tá an tAonad i gceannas ar an lárionad Seirbhísí Tacaíochta Muirí freisin. Soláthraíonn an lárionad seirbhís oibríochtúil agus theicniúil 24 huaire sa lá, 7 lá sa tseachtain, rud lena n-áirithítear infhaighteacht agus cobhsaíocht córas trí fhaireachán a dhéanamh ar leanúnachas na sreafaí sonraí isteach agus amach, ar thuairisciú cáilíochta agus ar bhainistíocht teagmhas a bhaineann le gach feidhmchlár muirí de chuid na Gníomhaireachta. I gcás éigeandálaí muirí, gníomhaíonn an lárionad Seirbhísí Tacaíochta Muirí mar phointe teagmhála aonair le haghaidh seirbhísí oibríochtúla EMSA a shlógadh agus tugann sé tuairisc do EMSA agus don Choimisiún ar thionóiscí muirí i gcomhréir le plean teagmhasach EMSA.

Ina theannta sin, tá an tAonad freagrach as bailíochtú agus fíorú teicniúil agus gnó a dhéanamh ar fheidhmchláir, as forbairt feidhmchlár a bhainistiú, as feidhmchláir a imscaradh agus as córais faireacháin feidhmchlár a ullmhú.

Aonad 3.3 – Simpliú

Oibríonn an tAonad i gcomhar leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí AE chun cur chun feidhme a dhéanamh ar thionscnaimh faireacháin ar thrácht shoithí AE sna réimsí a chumhdaítear le Treoir 2002/59/CE (arna leasú), go háirithe trí obair i gcomhar leis na Ballstáit chun SafeSeaNet, Lárionad Sonraí Comhoibríoch maidir le hAithint agus Rianú Fadraoin Long (LRIT) an Aontais Eorpaigh agus an Córas Malartaithe Sonraí Idirnáisiúnta maidir le LRIT a oibriú. Ina theannta sin, tugann sé cúnamh don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit maidir le saincheisteanna LRIT laistigh den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.

Tá an tAonad freagrach freisin as tacú le cur chun feidhme teicniúil na Treorach maidir le Foirmiúlachtaí Tuairiscithe agus as an timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí a fheabhsú de réir Rialachán (AE) 2019/1239. Tugann sé cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit freisin chun tacú le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí a bhaineann le ríomhdheimhnithe agus chun tuairisciú long a éascú.

Ina theannta sin, bainistíonn an tAonad na príomh-chomhaontuithe comhair atá ar bun le hInstitiúidí AE trína gcuid riachtanas gnó a bhailiú agus a aistriú ansin ina sonraíochtaí feidhmiúla. Tá raon leathan comhaontuithe comhair ar bun le hInstitiúidí difriúla, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), an Fórsa Cabhlaigh faoi cheannas an Aontais Eorpaigh, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus an Lárionad Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh (MAOC-N).

Roinn 4: Seirbhísí Corparáideacha

Is é an misean atá ag Roinn 4 – Seirbhísí Corparáideacha tacaíocht thráthúil ar ardchaighdeán a thabhairt do chroíghnó oibríochtúil EMSA agus cúnamh a thabhairt don lucht bainistíochta agus don fhoireann i réimse na n-acmhainní daonna, i réimse na ngnóthaí dlí (lena n-áirítear rochtain ar dhoiciméid) agus airgeadais agus i réimsí eile seirbhísí corparáideacha amhail cur chun feidhme an chomhaontaithe ceanncheathrún, saoráidí agus lóistíocht, bainistíocht taifead agus eagrú imeachtaí agus mhisin EMSA.

Tugtar cúnamh do Ranna agus don Oifig Feidhmiúcháin i ndáil leis na nithe seo a leanas freisin: gach nós imeachta soláthair a ullmhú agus a sheoladh agus gníomh leantach a dhéanamh ina leith; idirbhearta a thionscnamh ó thaobh airgeadais de; bainistíocht conarthaí airgeadais; agus bainistíocht sócmhainní.

Aonad 4.1 - Acmhainní Daonna agus Tacaíocht Inmheánach

Tá an tAonad freagrach go príomhúil as na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile (CEOS) a chur chun feidhme agus as tacú leis an mbeartas foirne a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm sna réimsí seo a leanas agus as tacaíocht a thabhairt don fhoireann ina leith: earcaíocht; riarachán foirne; forbairt gairme; luach saothair; leas foirne; foghlaim agus forbairt; agus eagrú misean agus aisíocaíochtaí i leith misean.

Ina theannta sin, tá an tAonad freagrach as cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar na cearta agus na hoibleagáidí faoin bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí (an Comhaontú Ceanncheathrún) don Ghníomhaireacht agus dá foireann.

Chomh maith leis sin, tá an tAonad i gceannas ar aisíocaíochtaí a dhéanamh i leith imeachtaí EMSA agus ar na nithe seo a leanas a chur chun feidhme ar fud na Gníomhaireachta: an beartas agus na nósanna imeachta bainistíochta taifead; cartlannú; láimhseáil poist; agus an siopa priontála agus cóipeála.

Aonad 4.2 - Gnóthaí Dlí agus Airgeadas agus Saoráidí

Tugann an tAonad comhairle don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar nithe dlí, buiséadacha agus airgeadais agus áirithíonn sé go gcomhlíonann idirbhearta dlí agus airgeadais Rialachán Airgeadais EMSA. Go háirithe, tugann sé comhairle agus fíorú ar nósanna imeachta soláthair, ar cheangaltais dlí agus ar shaincheisteanna airgeadais agus buiséadacha. Déanann an tAonad fíorú airgeadais ex ante ar gach idirbheart airgeadais; áirithíonn sé clárú sonrasc agus bainistíocht na cartlainne conarthaí sa Ghníomhaireacht agus áirithíonn sé gach ceart rochtana ar an tsraith córas cuntasaíochta ar bhonn fabhraithe. Ina theannta sin, féachann sé le nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú trí oiliúint a sholáthar in airgeadas agus i soláthar, trí rialacha, treoirlínte, teimpléid agus nósanna imeachta ábhartha a dhréachtú agus a nuashonrú agus, mar Aonad gnó, trí fheabhas a chur ar uirlisí soláthair agus airgeadais na Gníomhaireachta, lena n-áirítear ríomhsholáthar. Déileálann sé le nithe a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid freisin.

Soláthraíonn an tAonad an creat le haghaidh beartas comhshaoil na Gníomhaireachta a leagan síos agus comhordaíonn sé tionscadail atá ag iarraidh clárúchán leis an Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) a ghnóthú.

Ar deireadh, déanann an tAonad áitribh agus bonneagar EMSA a chothabháil agus a oibriú, déileálann sé le nithe sábháilteachta agus slándála, tugann sé tacaíocht d’imeachtaí EMSA agus soláthraíonn sé roinnt seirbhísí tacaíochta.