European Maritime Safety Agency (EMSA)

Bunús Dlí

Luaitear in Airteagal 1 den Rialachán lena mbunaítear EMSA gurb é cuspóir na Gníomhaireachta leibhéal ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach sábháilteachta muirí, slándála muirí, coisc ar thruailliú ó longa agus freagartha do thruailliú ó longa a áirithiú agus freagairt den leibhéal sin a áirithiú freisin do thruailliú muirí a thagann as suiteálacha ola agus gáis agus, i gcás inarb iomchuí, rannchuidiú le héifeachtúlacht fhoriomlán an tráchta mhuirí agus an mhuiriompair chun cabhrú le Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a bhunú.

Misean

Is é an misean atá ag EMSA freastal ar leasanna muirí AE chun earnáil mhuirí atá sábháilte, slán, glas agus iomaíoch a bhaint amach agus chun a bheith ina phointe tagartha iontaofa a bhfuil meas air san earnáil mhuirí san Eoraip agus ar fud an domhain.

Baineann EMSA leas as an bhfios gnó ar leith atá aige chun gur féidir leis ról lárnach a imirt sa bhraisle mhuirí san Eoraip agus lasmuigh di araon.

Oibríonn EMSA ar shaincheisteanna agus cúraimí a bhaineann le sábháilteacht mhuirí, le slándáil, leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus leis an margadh aonair. Ní hamháin go ndéanann sé amhlaidh mar sholáthraí seirbhíse do na Ballstáit agus don Choimisiún, ach déanann sé é sin freisin mar chomhpháirtí iontaofa nuálach agus mar mhol eolais don bhraisle mhuirí san Eoraip agus, b’fhéidir, mar eiseamláir idirnáisiúnta lasmuigh den Eoraip.

Fís

Is é an fhís atá ag EMSA a bheith ina lárionad barr feabhais le haghaidh earnáil mhuirí AE atá slán agus inbhuanaithe.

Luachanna

Cáilíocht, inchreidteacht, éifeachtúlacht, éifeachtacht, trédhearcacht, solúbthacht, agus a bheith cliste agus cothrom ó thaobh inscne de.

staff 2020

More Info